Saol Faoi Shraid
Saol Faoi Shraid
CONTACT
Ó am go hAm
Tá gach duine i dteaghlach Aoife gafa leis an stair – is é sin, gach duine seachas Aoife. Ní thuigeann sise cén fáth a gcaitheann a Mam an lá ar fad thuas ag an tseanmhainistir áitiúil sa tóir ar thaisce rúnda faoi thalamh. Nuair a thugann Aoife cuairt ar an tseanmhainistir chéanna i lár na hoíche, áfach, faigheann sí amach nach bhfuil an stair chomh leadránach agus a shíl sí. Is scéal lán draíochta agus eachtraíochta é seo ó pheann Patricia Forde – ní bheidh tú in ann é a leagan uait.
Everyone in Aoife’s house is obsessed with History- everyone except Aoife! She does not understand why her Mother spends all day at the old local monastery looking for hidden treasures underground.
When Aoife herself visits the old monastery in the middle of the night, surprisingly, she find out that history is not so boring after all.
This story is full of magic and adventure and a visit to the time of the Vikings.

INIS Magazine - Sadhbh Devlin
Is scéal lán draíochta agus eachtraíochta é seo ó pheann Patricia Forde. Tá luas iontach leis a chuirfidh léitheoirí óga, neamhspleácha ag cassah na leathnaigh le fáil amach céard go díreach a tharlóidh d'Aoife nuair a th eann sí siar san am go dtí na Lochlannach.Tá clúdach an-mhealltach deartha ag LAuren a tharrainggeoidh an léitheoir isteach sa scéal láithreach agus tá na túslitreacha ag túd gach caibidile léirithe i stíl a d'fheicfeá i lámhscribhinní ársa, rud a chuireann go mór leis an éifeacht. Ní bheidh tú in ann é a leagan uait 8+
CBI- The Joy of Reading Guide
Scéal foirfe do dhaoine ar spéis leo an eachtraíocht agus dóibh siúd a bhfuil suim bheag acu san fhicsean stairiúil! Dar le hAoife go bhfuil a teaghlach go léir dúghafa leis an stair, agus ní thuigeann sí cén fáth. Tá fonn uirthi é sin a fhiosrú agus mar sin téann sí chuig an tseanmhainistir i lár na hoíche – agus is ansin a thosaíonn an eachtraíocht! An litreoireacht Cheilteach atá ag tús gach caibidil, cuireann sí sean-lámhscríbhinní i gcuimhne don léitheoir, agus cuireann sí leis an eispéireastumthach léitheoireachta. Níl an stair leath chomh leamh is a shíl Aoife! (Aois 8–)